Ceardlanna agus Ceolchoirmeacha ag Féile na Carraige 2012

Ceardlanna agus Ceolchoirmeacha ag Féile na Carraige 2012 / Sarah de Búrca

Bunaíodh Féile na Carraige sa bhliain 2005 chun an Ghaeilge agus an cultúr a spreagadh i measc an phobail i gceantar Uachtar Chluanaí, Iarthar Bhéal Feirste.

Tá clár na féile ag éirí níos láidre bliain i ndiaidh bliana agus bíonn réimse mór imeachtaí ar fáil do gach duine, idir óg agus aosta.

Bhí Sarah de Búrca i láthair don cheardlann amhránaíochta le Gráinne Holland agus í ag tabhairt deise do pháistí bunscoile aithne a chur ar an cheol Gaelach.

I mbliana tá an fhéile ar siúl ón 8 – 14 de mhí Dheireadh Fómhair. Beidh Kíla ag seinm oíche amárach i gClub CLG Naomh Eoin.

Is féidir leat dul chuig www.glornamona.com chun níos mó eolais a fháil.

Close
Close