Ceardlann na Scuab Caillí

Bhailligh daoine ón cheantar áitiúil le chéile i nGairdín an Droichid ar Bhóthar Ormeau, Béal Feirste, ar na mallaibh le tús a chur le clár na Samhna ag An Droichead. Is é an t-imeacht a bhí ar siúl acu ná ‘Ceardlann Déanta na Scuab Caillí’.

Le linn na ceardlainne seo, d’fhoghlaim achan duine faoin tseancheird seo agus ag an deireadh ghlac siad a scuab féin abhaile leo.

Thug Meon Eile cuairt ar an cheardlann agus labhair muid le Fionnuala Nic Thom, Oifigeach Forbartha Gaeilge ag An Droichead faoi chlár s’acu agus faoin tábhacht a bhaineann le himeacht sóisialta mar seo a bheith ar fáil don phobal áitiúil.

Labhair muid le Gráinne Holland a bhí páirteach sa rang faoi na rudaí a d’fhoghlaim sí agus le Heather McDermott ó Willow Craft a bhí ag teagasc an ranga faoi stair na scuab caillí agus na buntáistí atá ag baint le bheith amuigh faoin aer agus ag obair le do lámha i measc daoine eile.

Close
Close