Ceardlann Filíochta i nGairdín an Phobail

Cuireadh ceardlann filíochta ar siúl i nGairdín an Phobail in Iarthar Bhéal Feirste ar na mallaibh. ‘Luibh Letter’ an t-ainm a bhí ar an imeacht, a d’eagraigh Glór na Móna mar chuid d’Fhéile an Phobail, agus ba í an scríbhneoir agus file clúiteach, Siobhán De Paor, a chuir i láthair é.

Theagasc Siobhán an dóigh le húsáid a bhaint as na plandaí agus as na blathanna éagsúla sa ghairdín le filíocht a chrúthú agus teagmháil a dhéanamh leis an dúlra tríd an Ghaeilge.

Thosaigh na rannphairtithe amach ag siúl thart ar an ghairdín agus ag breathnú ar na plandaí lena gcéadfaí uilig, ag breacadh síos cibé smaoineadh a rith leo mar spreagadh. Ansin, phioc siad focail áirithe as an fhoclóir a bheadh mar bhunús lena gcuid dánta. Scríobhadh roinnt dánta eagsúla ar ábhar ar nós na hóidhreachta, an phobail agus na breithe.

Thug Meon Eile cuairt ar an imeacht agus labhair muid le Siobhán í féin faoin tábhacht a bhaineann le bheith ceangailte leis an dúlra agus le ham a chaitheamh amuigh faoin aer.

D’inis Eimear Nic Ionnrachtaigh a bhí i láthair ag an cheardlann dúinn faoi na rudaí a thug sí faoi deara nár smaoinigh sí orthu roimhe agus an dóigh ar chuir an bláth a phioc sí óige s’aici i gcuimhne di.

Close
Close