Ceardlann 'Ealaín Means Art'

D’fhreastail Meon Eile ar cheardlann ealaíon agus ceoil in ionad Catalyst Arts i mBéal Feirste ar na mallaibh. 

Osclaíodh Catalyst Arts in 1993 mar eagraíocht neamhbhrabúis le haghaidh ealaíntóirí áitiúla. Na healaíona ón cheantar a chur chun cinn, is air sin atá siad dírithe agus is iomaí imeacht atá curtha ar siúl acu in imeacht na mblianta. Ceann de na tograí reatha atá acu ná 'Ealaín Means Art'. 

D’eagraigh Aoife Ní Raghallaigh an cheardlann seo mar bunrang Gaeilge a bhfuil casadh ar leith ag gabháil leis. Tugann 'Ealaín Means Art' deis do na rannphairtithe Gaeilge a fhoghlaim agus iad i mbun ceachtanna amhránaíochta. Ag deireadh an cheachta, bhí ‘Báidín Fheilimí’ ar eolas ag achan duine a ghlac páirt ann, cé nach raibh Gaeilge ar bith acu ag tús an lae.

Thosaigh Aoife na bunranganna seo leis an teanga a spreagadh i measc daoine a bhí imeaglaithe i leith gnáthranganna Gaeilge. Dar le hAoife is iad an comhar agus an siamsa na dóigheanna is fearr chun an Ghaeilge a fhoghlaim, agus is cinnte go raibh neart spraoi le fáil in Catalyst Arts an lá sin!

Labhair Meon Eile le hAoife faoin cheardlann agus le Thomas Wells ó Catalyst Arts faoin bhealach a bhfuil siad ag cur cultúir na tíre chun cinn.

Le tuilleadh eolahs a fháil faoi Catalyst Arts agus na himeachtaí eile a bhíonn á reáchtáil acu, téigh anseo. Is féidir iad a leanúint ar Facebook agus Instagram chomh maith. 

Close
Close