Ceardlann leis an Nightingale Trio

Tháinig an tríréad ceoil, The Nightingale Trio, anonn go hÉirinn as na Stáit Aontaithe le linn an tsamhraidh agus iad ar camchuairt ar fud na tíre.

Nuair a bhí siad i mBéal Feirste, chuir siad ceolchoirm i láthair i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich mar aon le ceardlann cheoil do dhaltaí bunscoile áitiúla.

Ceol as oirthear na hEorpa atá ag na cailíní sa ghrúpa - Sarah Larson, Rachel LaViola agus Charlotte Finegold - agus bhí siad in ann damhsa, seanscealtaí agus amhráin ón dúiche a theagasc do na paistí agus iad a spreagadh chun spéis a chur i gcultúir an domhain mhóir.

Bhí Meon Eile sa Chultúrlann le labhairt leis an triúr ceoltóirí agus iad i mbun na ceardlainne. Labhair muid fosta le daltaí ó Ghaelscoil na bhFál agus lena muinteoir, Niall Ó Maitiú, faoi na rudaí is fearr a thaitin leo agus faoin tábhacht a bhaineann le meas a léiriú do chultúir eile.

Is grúpa gutha ban iad The Nightingale Trio atá sáite i dtraidisiún gutha na mBalcán agus Oirthear na hEorpa. Tá tuilleadh eolais fúthu le fáil anseo.

Close
Close