‘Ag Buzzáil sa Ghairdín’ leis an tSnáthaid Mhóir i Naíscoil na Seolta

Foilsíodh ‘Ag Buzzáil sa Ghairdín’ le hÁine Ní Ghlinn agus Mr Ando mar cuid de cheiliúradh Lá Domhanda na Leabhar a bhí ar siúl ag tús mhí Mhárta. Leabhair do páistí atá ann, eisithe ag An tSnáthaid Mhór, agus é díreach ar ‘Billí Beach’ a bhíonn ag obair go dian sa ghairdín!

Leis an leabhar a sheoladh, thug an t-údar mór le rá Áine Ní Ghlinn, an maisitheoir aitheanta Mr Ando agus foireann An tSnáthaid Mhór cuairt ar Naíscoil na Seolta, naíscoil imeaschta suite in Oirthear Bhéal Feirste. Léigh Áine ‘Ag Buzzáil sa Ghairdín’ ar dtús do na páistí sa rang agus ansin bhí ceardlann ealaíne le Mr Ando inar tharraing na páistí beacha agus feithidí eile.

Labhair Meon Eile le Ciara Ní Mhórdha atá ina Bainisteoir i Naíscoil na Seolta faoin tábhacht atá ag baint le Gaeilgeoirí a thabhairt isteach chuig an scoil le go dtig le páistí s’acu an Ghaeilge a chloisteáil agus a fheiceáil mar ghné larnach den tsaol.

D’inis Áine Ní Ghlinn dúinn faoin leabhar é féin agus an gliondar a chuireann obair s’aici le páistí ar a croí.

Close
Close