Cameron faoi bhrú le Cáipéisí Phanama

Cameron faoi bhrú le Cáipéisí Phanama

Bhí tionchar ollmhór ag ‘Cáipéisí Phanama’ ar pholaitíocht na cruinne le himeacht seachtaine. Tá Príomhaire na Breataine, David Cameron, tagtha faoi bhrú éirí as agus ceisteanna ann faoina ghnóithe cánach.

Tháinig sé chun solais sna cáipéisí go raibh scaireanna ag Cameron i gcuideachta eischósta a athar, Blairmore Holdings, nár dhéarbhaigh sé le linn a fheachtais toghchánaíocht in 2011.

Tá ceisteanna á gcur ar Cameron faoin ‘bhronntanas’ £200,000 a fuair sé óna mháthair i ndiaidh bhás a athar. ‘Dodgy Dave’ a bháist an Feisire ón Lucht Oibre, Dennis Skinner, air sular caitheamh as Teach na Parlaiminte inné é.

Léirigh Cáipéisí Phanama go bhfuil roinnt ceannairí rialtais agus ionadaithe poiblí ag seachaint cáin a íoc ar a maoin trína aistriú go tíortha atá sásta an tsúil dháll a thabhairt dá gcuid milliún.

Sceith duine gan aithne na milliún cáipéis maidir le 214,000 comhlacht eischósta a thagann faoi chúram an chomhlachta dlí Mossack Fonseca i bPanama le nuachtan sa Ghearmáin. Roinneadh an t-eolas le seirbhísí nuachta fud fad na cruinne agus is saoránaigh de chuid na Breataine sciar suntasach dóibh siúd a chuir a maoin i dtaisce sna tearmainn cánach.

Tá Cáipéisí Phanama idir chamáin ar bhosca na seachtaine seo agus a dtionchar ar chúrsaí polaitiúla agus cánach…

Barúil ón Bhosca
Close
Close