Caife agus Canbhás

Bhí an ócáid 'Caife agus Canbhás' ar siúl ag Raidió Fáilte ar na mallaibh, ócáid a thug deis do dhaoine a gcuid cruthaitheachta a léiriú ar chanbhás agus caife a ól ag an am céanna.

Chuir an Lon Dubh, caifé Raidió Fáilte, caife, tae, cácaí, scónaí agus ceapairí ar fáil chomh maith le péint agus canbháis don phobal a ghlac páirt ann.

Thug Meon Eile cuairt ar an Lon Dubh agus labhair muid le Tara Ní Dhuibh a bhí i mbun na hócáide. Labhair muid fosta le Shannon Ní Chléirigh a bhí i láthair le cuidiú leis an ealaín.

Coinnigh súil ar na meáin shóisialta atá ag Raidió Fáilte agus a an Lon Dubh faoi choinne imeachtaí atá le teacht.

Close
Close