Cad is leasainm duit?

Cad is leasainm duit?

Sara Ní Chuireáin

Thug mé mo chéad seó grinn ar na mallaibh, agus buíochas mór le Dia chuir mé cár gáire ar go leor daoine le seans a bheith agam é a dheanamh arís.

Tá an chéad seit déanta agam agus déanta agam go leor uaireanta go mbeidh mé ag éirí tinn de agus tá mé cinnte go bhfuil mo chairde dílse ag éirí tinn de fosta.

Ceardlann fuirseoireachta a spreag an seó agus ba ag an cheardlann a cuireadh an cheist orainn, “Cad é ata greannmhar?”

Seo ceist a chuirim orm féin go mion minic agus mé ag scríobh mo sheiteanna anois.

Le cois smaoineadh ar caidé atá greannmhar, cha raibh mé ag iarraidh duine ar bith a mhaslú ach oiread.

Mar gheall air sin scíobh mé faoi dtaobh díom féin.

Don dara seit rinne mé cinneadh a bheith gioita beag níos cróga, agus labhairt faoi dhaoine eile agus an dóigh a gcaithim leo.

Duirt cara liom cúpla bliain ó shin gur shíl sé go raibh fadhbhanna mothúcháin agam mar gheall gur thug mé leasainm d’achan fhear a raibh mé ag siúl amach leis nó ag date-áil.

Anois, ná smaoinigh go raibh na leasainmneacha seo maslach – cha raibh mé ag tabhairt bod beag orthu nó a dhath ar bith mar sin!

Chuir mé leasainm orthu le déanamh cinnte nach thitfinn i ngrá leo, agus is rud simplí a bhí mé ag cuir orthu: ‘An tIodálach’, ‘Féasóg Dhoire’ (tá mé ag súil amach leis anois), ‘An tOifigeach Príosúin’, ‘An Garda’ agus ‘An Sagart’ (ní sagart a bhí ann ach bhí sé giota beag ró-naofa domsa!).

Ach, sula smaoineann sibh go bhfuil mé i mo bhitseach cheart, tá a fhios agam go bhfuil mé féin iontach ‘leasainm-neach’.

Bhí leasainm agam i dtolamh ó “Fat Sally” go “Fat Lesbian”, mar sin tá mé breá cleactaithe leo.

Ach inseoidh mé sceal daoibh fán dóigh a bhfuil a fhios agam cé chomh ‘leasainm-neach’ agus ata mé.

Chas mé le fear ar OKCupid agus rinne muid cinneadh le casadh lena cheile.

Fear galánta a bhí ann, éadach deas, féasóg… hiopstar a bhí ann agus mar gheall air seo cheannaigh mé culaith úr don choinne.

Culaith álainn a bhí ann, dath amhain – glas ina iomlán.

Chuaigh muid go tí tábhairne, bhí craic iontach agus comhluadar deas againn.

Chuaigh mé go dtí an leithreas leath bealaigh fríd an choinne le déanamh cinnte go raibh mo smideadh i gceart agus nuair a shiúil mé isteach sa leithreas agus chonaic mé mé féin sa scáthán – bhí mé náiriste!

Bhí an t-allas i rith liom agus bhí sé le feiceáil ar mo culaith – a bhí anois millte.

Tá cúpla rud nár mhaith leat a rá agus tú ar do chéad coinne, agus is é “tá mé ag bárcadh allais” ceann acu!

Gan dabht ní raibh an dara coinne againne!

Rinne Sara gigeanna grinn (gan comhartha ar bith den allas!) sa Sunflower i mBéal Feirste agus ag an Funny Women Awards i mBaile Átha Cliath le déanaí… coinnigh súil amach faoina coinne!

Close
Close