Taispeántas tarraingteach faoi phobal Gaeilge Bhéal Feirste in Iarsmalann Uladh

Tá taispeántas úrnua á léiriú ag Iarsmalann Uladh i ndeisceart Bhéal Feirste faoi láthair. ‘Cad é mar a chruthaíonn tú pobal? is teideal dó agus díríonn sé ar an scéal spreagúil taobh thiar den chéad Ghaeltacht Uirbeach in Éirinn. Is é an togra oidhreachta GaelStair a chuir an taispeántas le chéile.

Sna 1960idí, bhailigh grúpa lanúineacha cróga cruthaitheacha le chéile chun an chéad Ghaeltacht Uirbeach in Éirinn a bhunú i mBéal Feirste. Níl amhras ar bith ach gur chothaigh an obair cheannródaíoch seo bunchloch na athbheochana teanga agus cultúr i stair nua-aimseartha na hÉireann. Chuaigh siad i ngleic leis an dífhostaíocht agus leis an bhochtanas, chuir siad tionscnaimh pobail ar bun, bhunaigh siad Bunscoil Phobail Feirste, an chéad Ghaelscoil sa Tuaisceart, mar aon le cuid mhór tograí eile.  

Níos mó ná rud ar bith eile áfach, thug na daoine seo tógáil croí do phobal na Gaeilge i mBéal Feirste, agus dóchas dóibh leanstan ar aghaidh. Dfhorbair siad pobal muiníneach lán misnigh a bhí cróga go leor an Ghaeilge a labhairt go laethúil lena dteaghlaigh agus lena gcairde in ainneoin na gconstaicí a bhí rompu ag an am. Tá cuid mhór téamaí tábhachtacha ag baint leis an saothar spreagúil, gnéithe amhail comhoibriú, grá, dlúthpháirtíocht, dóchas, diongbháilteacht, teanga, misneach, oideachas, glór agus flaithiúlacht. 

Bhí páirt ag cuid mhór daoine leis an taispeántas: Caitlín agus Seosamh Misteáil, Máire agus Seán Mac Seáin, Brighid agus Tomás Ó Monacháin, Máire agus Donncha Ua Bruadair, Cristín agus Liam Ó Bruadair, Monica agus Adam Mac Giolla Catháin, Áine agus Seán Mac Aindreasa, Caitlín agus Proinsias Ó hAnluain, Áine agus Saoirse Mac an Iolair, Áine Andrews agus Aodán Mac Póilín agus Rhiann agus Liam Andrews, le cois neart daoine eile.  

D’fhreastail Meon Eile ar sheoladh an taispeántais agus labhair muid le príomhoide Ghaelcholáiste Dhoire, Diarmaid Ua Bruadair, agus le leasphríomhoide Choláiste Feirste, Emer Nic an Fhailí, beirt a dfhás aníos ar Bhóthar Seoighe agus atá go fóill ag obair ar son na Gaeilge go laethúil. 

Is féidir cuairt a thabhairt ar an taispeántas anois sa Belfast Room’ in Iarsmalann Uladh.

Close
Close