Spreagadh iontach: gnáthamh nua aclaíochta de bharr na dianghlasála

Is cinnte go raibh sé deacair teacht ar ghnáthamh nua agus muid uilig ag fanacht sa bhaile le linn phandéim Covid-19. Bhí Maedhbh Nic Aindreasa bréan de na laethanta leadránacha istigh gan aon structúr ar an lá. D’athraigh sé sin nuair a thosaigh sí ag traenáil sa teach.

Le linn na treimhse sin, chinn sí saol níos aclaí a bheith aici agus tá comhairle aici do dhaoine faoin dóigh is fearr le toiseacht amach ar bhóthar na sláinte agus le dul i dtaithí ar atmaisféar an ghiomnáisam.

Anois tá níos mó na dhá chloch cailte aici, tá caighdéan aclaíochta níos fearr ná riamh roimhe aici agus tá sí ag mothú níos fearr fúithi féin fosta. Spreagadh iontach dúinne ar fad dul i dtreo na haclaíochta!

Close
Close