Buaiteoirí Ghradam Ceoil TG4 2019 fógartha


Fógraíodh buaiteoirí Ghradam Ceoil TG4 an tseachtain seo caite in Ionad Ealaíon Duncairn i mBéal Feirste.

Don dara bliain as a chéile, beidh na Gradaim ar siúl i Halla Cois Cuain (Waterfront) i mBéal Feirste, an 17 Feabhra 2019.

Bhailigh buaiteoirí 2019 chomh maith le clanna, cairde agus lucht tacaíochta sa Duncairn chun tús a chur leis na hullmhúcháin do cheann de na hoícheanta is mó i bhféilire an cheoil.

Bhí Meon Eile i láthair ag an seoladh agus labhair muid le buaiteoirí agus le lucht eagraithe na nGradam.

Buaiteoirí Ghradam Ceoil TG4 2019:

Ceoltóir na Bliana : Catherine McEvoy

Ceoltóir Óg na Bliana : Conor Connolly

Gradam Saoil : Nicky & Anne McAuliffe

Amhránaí na Bliana : Thomas McCarthy

Gradam Comaoine : Brendan Mulkere

Gradam Comharcheoil : Tríona Ní Dhomhnaill

Close
Close