Buaiteoirí Chomórtais Liteartha Oireachtas na Gaeilge fógartha

Buaiteoirí Chomórtais Liteartha Oireachtas na Gaeilge fógartha
Proinsias Mac a Bhaird a bhuaigh ceithre duaiseanna
Proinsias Mac a Bhaird a bhuaigh ceithre duaiseanna

Bhí an file Cathal Ó Searcaigh, Doiminic Mac Giolla Bhríde, Proinsias Mac a’Bhaird agus Rónán Mac Con Iomaire, Leascheanasaí RTÉ Raidió na Gaeltachta, i measc na mbuaiteoirí ag Gradaim Liteartha Oireachtas na Gaeilge i bPáirc an Chrócaigh inné.

Bronnadh duaischiste €25,000 ar bhreis is tríocha scríbhneoirí i mbreis is fiche rannóga éagsúla idir an ghéarrscéalaíocht, ficsean, filíocht, scríobhneoireacht scripte, iriseoireacht, cumadóireacht amhráin agus agallaimh beirte.

Thug Proinsias Mac a’Bhaird as Árainn Mhór ceithre dhuais leis i gceithre rannóg éagsúla idir an fiscean, an fhilíocht, an dramaíocht agus cumadóireacht amhráin.

Bronnadh duais i gComórtas na Scríbhneoirí Úra ar Rónán Mac Con Iomaire dá shaothar nua Rocky Ros Muc. Is leabhar é faoin dornalaí Gaeltachta, Seán Ó Mainnín, a throid i gCraobh an Domhain i Nua-Eabhrac i gcoinne Mike McCallum in 1982.

“Teastaíonn smaointe nua, cruthaíocht agus díospóireacht ón bpobal, go háirithe sa lá atá inniu ann.” arsa Liam Ó Maolaodha, stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge.

“Is é príomhsprioc na ngradam seo, deis a thabhairt do scríbhneoirí Gaeilge iad féin a chur in iúl, agus nasc a chothú leis an bpobal. Tá Oireachtas na Gaeilge an-bhródúil tacaíocht a thabhairt do na gradaim seo ar bhonn leanúnach”, a dúirt sé.

I gcomórtas Liteartha na ndaoine fásta, bhí 11 buaiteoir ann ó Chúige Laighean, sé bhuaiteoir as cúige Chonnacht, cúig bhuaiteoir as cúige Uladh (Dún na nGall amháin) agus trí bhuaiteoir as cúige Mumhan.

Ba é ‘Nochtadh na Fírinne’, le Bríd Dáibhís a bhain an chéad duais i gcatagóir na gearrscéalaíochta. Bhuaigh Aodh Ó Domhnaill a 9ú gradam i gComórtais Liteartha an Oireachtais tar éis do an chéad duais a thabhairt leis i gcomórtas an Agallamh Beirte.

Thug an bheirt Chonallach, Proinsias Mac a’ Bhaird agus Doiminic Mac Giolla Bhríde, an duais leo sa chomórtas cumadóireachta amhrán leis an amhráin, ‘Máire as Árainn Mhór’. Is é Cathal Ó Searcaigh a bhuaigh an ghradam don chusach filíochta ab fhearr lena cnusach ‘Aimsir Ársa’.

I gcomórtas Liteartha na nDaoine Óga, bhí cúig bhuaiteoir ann ó chúige Uladh (Dún na nGall amháin), ceithre bhuaiteoirí as cúige Laighin, trí bhuaiteoirí as cúige Mumhan agus buaiteoir amháin as cúige Chonnachta (Baile Locha Riach).

Tá Comórtais Liteartha Oireachtas na Gaeilge ar an fhód ón bhliain 1897, agus is iad na comórtais liteartha Gaeilge is iomráití atá ann. Tá cuid de mhórscríbhneoirí an chéid seo caite, Pádraig Mac Piarais, Máirtín Ó Cadhain agus Nuala Ní Dhomhnaill, i measc iar-bhuaiteoirí na gcomórtas.

Buaiteoirí Comórtais Liteartha Oireachtas na Gaeilge

Buaiteoirí na gcomórtas Liteartha
Buaiteoirí na gcomórtas Liteartha

Comórtais Liteartha don Scríbhneoir Fásta

COMÓRTAS A2: FICSEAN DO DHAOINE ÓGA (9/10-12)

Maoinithe ag Foras na Gaeilge

An Chéad Duais €2,000

Daideo le Áine Ní Ghlinn, Glenbrook Park, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14

An Dara Duais €750

Oileán na nDraoithe le Proinsias Mac a’ Bhaird, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall

COMÓRTAS A3: FICSEAN DO DHAOINE ÓGA (13-15)

Maoinithe ag Foras na Gaeilge

An Chéad Duais €2,000

Vaimpír san Áiléar le Orna Ní Choileáin, Ard Aidhin, Baile Átha Cliath 5

An Dara Duais €750

Raic le Máire Uí Dhufaigh, Inis Oírr, Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe

COMÓRTAS A4: ÁBHAR LÉITHEOIREACHTA DON FHOGHLAIMEOIR FÁSTA

Maoinithe ag Foras na Gaeilge

An Chéad Duais €2,000

Fianaise le Micheál Ó Ruairc, Garrán an Úlloird, Cúl Mín, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15

An Dara Duais €750

Nuair a Stadann an Ceol le Marie Whelton, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9

COMÓRTAS A5: GEARRSCÉAL – DUAIS AN MHAOLÁNAIGH

Maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge

An Chéad Duais €400

Nochtadh na Fírinne le Bríd Dáibhís, Clochar na Toirbhirte, Cill Choca, Co. Chill Dara

Duais €100

An Carria le Eithne Ní Ghallchobhair, Maigh Gumna, Ard an Rátha, Tír Chonaill

Duais €100

An Bás Beo le Mícheál Ó Conghaile, Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

COMÓRTAS A6: DÁN

Maoinithe ag Craobh Aimhirgin de Conradh na Gaeilge

Duais €200

Míol Mór Bhreandáin le Proinsias Mac a’ Bhaird, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall

COMÓRTAS A7: CNUASACH FILÍOCHTA

Maoinithe ag Coistí Gairmoideachais na Mumhan agus na Gaeltachta

(Seirbhísí Oideachais Chiarraí agus Contaetha Chorcaí, an Chláir, Luimnigh, Phort Láirge, Thiobraid Árann Thuaidh agus Theas, na Gaillimhe, Mhaigh Eo, Dhún na nGall; agus Chathracha Chorcaí, Phort Láirge, Luimnigh agus na Gaillimhe.)

Duais €1,250

Aimsir Ársa le Cathal Ó Searcaigh, Mín a Leá, Gort an Choirce, Leitir Ceanainn, Tír Chonaill

COMÓRTAS A9: LÉIRMHEASTÓIREACHT AR FHILÍOCHT

Maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge agus Éigse Éireann – Poetry Ireland

Duais €400

Mo Mháistir Dorcha le Pádraig de Paor, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

COMÓRTAS A10: Saothar Próis

Maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge

Duais €1,250

An Colm Bán le Liam Ó Muirthile, Páirc na Rós, Ascaill na Cille, Dún Laoghaire,

Co. Bhaile Átha Cliath

COMÓRTAS A11: COMÓRTAS NA SCRÍBHNEOIRÍ ÚRA

Maoinithe ag Foras na Gaeilge

Duais €1,000

Cuimhní Poircealláin le Majella Ní Dhomhnaill, Bóthar Chill Easpaig Sáráin, Bré, Co. Chill Mhantáin

Duais €1,000

Rocky Ros Muc le Rónán Mac Con Iomaire, An Bóthar Buí, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

Duais €375

Geronimo agus Scéalta Eile le Seán Mac Sheáin Mac Eochaidh, Powerscourt, Bóthar Dhún Mór, Port Láirge

Duais €375

Tuatha Dé Danainn in Éirinn le Diarmuid de Faoite, Cúirt an Mhainéir, Cnoc na Cathrach, Gaillimh

COMÓRTAS A12: CUR CHUN CINN NA GAEILGE

Maoinithe ag Conradh na Gaeilge

Duais €500

Athchuairt ar an mBreac-Ghaeltacht le John Walsh, Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

COMÓRTAS A13: AISTE INNEALTÓIREACHTA

Maoinithe ag Cumann na nInnealtóirí

Duais €1,000

An Innealtóireacht – idir eolaíocht agus ealaín le Caitlín Uí Mhaolagáin, An Ardaidh, Gort an Choirce, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall.

COMÓRTAS A14: DRÁMA RAIDIÓ

Maoinithe ag RTÉ

Duais €500

Teiripe le Brian Ó Tiomáin, Willbrook, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14

COMÓRTAS A15: DRÁMA AONGHNÍMH

Maoinithe ag Údarás na Gaeltachta

Duais €600

Viriliter Age le Brian Ó Tiomáin, Willbrook, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14

COMÓRTAS A16: COMÓRTAS CUIMHNEACHÁIN AOIDHRUAIRC

Maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge agus ag an gCumann Scoildrámaíochta

ROINN A

An Chéad Duais €200

Is Binn Béar ina Thoist le Áine Treasa Ní Dheirg, Ráth Chairn, Baile Átha Buí, Co. na Mí

An Dara Duais €150

Scéal na Nollag le Áine Ní Ghlinn, Glenbrook Park, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14.

ROINN B

An Chéad Duais €200

An Dialann le Brian Ó Meacháin, Ard Bhríde, Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe

An Dara Duais €150

Cogadh na Traí le Lisa Ní Dhoinnléibhe, Goirtín Fliuch, Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí

ROINN C (Duais i gcuimhne Dhonncha Uí Shúilleabháin)

An Chéad Duais €300

Am ar Dóigh! le Proinsias Mac a’ Bhaird, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall

An Dara Duais €150

Aoibhinn agus Diarmaid le Brian Ó Baoill, An Teach Mór Thoir, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

COMÓRTAS A17: SCRIPT TEILIFÍSE

Maoinithe ag TG4

Duais €500

An tOileán le Brian Ó Tiomáin, Willbrook, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14

Duais €500

Dótáil le Dónal de Buitléir, Caiseal na gCorr, Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall

COMÓRTAS A18: SCÉAL DÍRITHE AR DHÉAGÓIRÍ

Maoinithe ag Ard-Chomhairle Chumann Lúthchleas Gael

Duais €500

Iománaí ón Iasacht le Seán Ua Cearnaigh, Ard Aoibhinn, Gort na Silíní, Inis Córthaidh, Co. Loch Garman

COMÓRTAS A19: AGALLAMH BEIRTE

Maoinithe ag Údarás na Gaeltachta

Duais €500

Lá Spóirt le Aodh Ó Domhnaill, Bóthar an Fhaiche, An Charraig Dhubh, Co. Bhaile Átha Cliath

COMÓRTAS A20: CUMADÓIREACHT AMHRÁN

Maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge

Duais €1,000

Máire as Árainn Mhór le Proinsias Mac a’ Bhaird agus Doimnic Mac Giolla Bhríde, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall

COMÓRTAIS LITEARTHA don Scríbhneoir Óg

COMÓRTAS B1: AISTEROINN A (FAOI 16)

Maoinithe ag Cumann Lúthchleas Gael

Duais €300

Páidí agus Muintir Uí Shé – Laochra Caide CLG agus na Gaeltachta le Faolán Dáibhis, Riasc, Baile an Fheirtéaraigh, Trá Lí, Co. Chiarraí

COMÓRTAS B3: IRISEOIREACHTROINN A (FAOI 16)

Maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge

Duais €300

Adele le Muireann Ní Bhaoill, Gleann na Sceiche, Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe

COMÓRTAS B4: IRISEOIREACHT: ROINN B (FAOI 21)

Maoinithe ag Bord na Gaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Duais €300

Teanga gan Glór chun a seanphort a chanadh le Conor Ó Maonaigh, An Seascan Beag, Na Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall

COMÓRTAS B5: SCÉAL – ROINN A (FAOI 16)

Maoinithe ag Cara leis an Oireachtas

An Chéad Duais €300

An Siogairlín le Niamh Ní Dhubhgáin, Baile Thoir, Toraigh, Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall

An Dara Duais €150

Aoibheann Beatha an Scoláire le Lauren Ní Bhaoill, Baile Thoir, Toraigh, Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall

COMÓRTAS B6: SCÉAL – ROINN B (FAOI 21)

Maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge

An Chéad Duais €300

An Sorcas le Liadan Ní Chearbhaill, Faiche an Choláiste, Maigh Nuad, Co. Chill Dara

An Dara Duais €150

Ar Seachrán le Mícheál Ó Gallchóir, Dobhar Íochtarach, An Bun Beag, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall

COMÓRTAS B7: AGALLAMH BEIRTEROINN B (FAOI 21)

Maoinithe ag Údarás na Gaeltachta

Duais €300

Éirigh! le Niamh Ní Dhubhgáin, Baile Thoir, Toraigh, Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall

COMÓRTAS B8: AISTE NÓ GEARRSCÉAL – ROINN B (FAOI 21)

Faoi choimirce Chomharchumann Íde Naofa

Duais €350

Le Cabhair Dé le Colm Ó Néill, Rath Fearnáin, Baile Átha Cliath 14

COMÓRTAS B9: DÁN – ROINN A (FAOI 16)

Maoinithe ag Comhairle Chontae an Chláir – Dílis dár nOidhreacht

An Chéad Duais €200

Sean agus Óg le Natasha Ní Dhugáin, Gort an Choirce, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall

An Dara Duais €100

An Abhainn le Lucy Ághas, Sliabh na mBan, Abhainn na Scáil, Co. Chiarraí

COMÓRTAS B10: DÁN – ROINN B (FAOI 21) DUAIS SHEÁIN UÍ RIORDÁIN

Maoinithe ag Ionad na Gaeilge Labhartha, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

An Chéad Duais €300

Dúile an tSaoil le Féilim Ó Brádaigh, Ráth Maonais, Baile Átha Cliath 6

An Dara Duais €200

Nóta Greamaithe don Chuisneoir le Lára Ní Dhálaigh, Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí

Close
Close