Buaicphointí ón Phuball Gaeilge ag Picnic Leictreach 2017

Thug 55,000 duine aghaidh ar an Sráidbhaile i gCo Laoise ag an deireadh seachtaine le freastal ar an fhéile cheoil is mó in Éirinn, Electric Picnic.

Bhí achan rud idir ghreann, fhilíocht, dhrámaí, dhamhsóirí agus cheol den chéad scoth le fáil sa Phuball Gaeilge le linn an deireadh seachtaine.

Chuir Raidió Na Life, Rónán Mac Aodha Bhuí agus NÓS.ie imeachtaí cabaret i láthair mar chuid den fhéile.

I measc na gceoltóirí a bhí le cluinstin ann bhí Emma Ní Fhíoruisce, The Bonny Men, Polca4, Muireann Nic Amhlaidh, JJ Ó Dochartaigh, Ulchabhán, Spats Colombo, Seo Linn, Super Céilí agus neart eile.

Chuir Oireachtas na Gaeilge ceol traidisiúnta i láthair i rith an lae ar an Domhnach.

Bhain an scaifte a bhí i láthair sult as scoth an damhsa agus na hamhránaíochta ar an sean-nós agus curieadh críoch leis an imeacht le céilí mór sa phuball.

I measc na n-imeachtaí eile a bhí ar siúl mar chuid den deireadh seachtaine bhí Ted Talks Gaeilge, ióga agus ranganna aclaíochta, chomh maith le drámaí le Fibín agus Mumbro Top.

Bhí ár bhfísiriseoirí Seán Ó Baoill agus Caoimhe Ní Chathail i lár an aonaigh - seo chugaibh blaiseadh beag den cheol agus den chraic ón Phuball Gaeilge


Close
Close