Buaicphointí ó Oireachtas na Samhna 2016 i gCill Airne

Buaicphointí ó Oireachtas na Samhna 2016 i gCill Airne

Thug na mílte duine aghaidh ar Oireachtas na Samhna i mbaile Chill Airne, Contae Chiarraí, ag an deireadh seachtaine.

Rinneadh ceiliúradh ar chultúr na teanga idir chomórtais, cheardlanna, cheolchoirmeacha, chéilithe, dhrámaí, sheiminéair, sheoltaí agus chraolachán beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, TG4 agus BBC Raidió Uladh.

Thug Caitlín Ní Chualáin as Conamara príomhdhuais na féile, Corn Uí Riada, léi oíche Shathairn.

Bronnadh Gradam speisialta RTÉ Raidió na Gaeltachta ar Joe Steve Ó Neachtain ar an oíche fosta.

I measc na mbuaiteoirí ar na comórtais mhóra eile, bhí Jonathan McCloy as Béal Feirste a thóg an chéad duais leis sa chomórtas damhsa ar an Seán-Nós. Bhuaigh Páid Ó Neachtain agus a bhean Bróna Ní Uallacháin as an Spidéal comórtas Lúibíní na Bliana seo. Thóg Eoghan Ó Curraighín as Tír Chonaill an chéad duais leis sa chomórtas Dreas Cainte.

Bhí Máire Ní Choilm as Tír Chonaill, Colm (Jimmy) Ó Curraoin as Conamara, Rónán Ó Conghaile as Conamara agus Adhna Ní Bhraonáin as Conamara buach i gcomórtais amhránaíochta ar an seán-nós chomh maith.

Bhí Meon Eile i measc na cuideachta i gCill Airne. Seo chugaibh buaicphointí ón chuid is fearr den cheol, den chraic agus de na comórtais ó Oireachtas na bliana seo.

Buaicphointí ó Oireachtas na Samhna 2016 i gCill Airne

Tá liosta iomlán na mbuaiteoirí le fáil ANSEO

Close
Close