Bua an Cheoil - Lauren Ní Chasaide

Inniu ar Meon Eile táimid ag leanúint leis an tsraith Bua an Cheoil, le físeán ón cheoltóir óg Lauren Ní Chasaide.

Ceoltóir óg cumasach í Lauren, a chuireann a lámh ar an ghiotár agus pianó le tionlacan a thabhairt dá glór binn.

Bíonn Lauren ag cumadh a cuid amhrán féin fosta agus tá sí ag obair ar a céad albam faoi láthair, a sheolfar níos moille sa bhliain.

Seolfar an chéad singil le Lauren ‘This in Time Will Pass’ ar an Aoine bheag seo, 12 Feabhra.

Singil carthanachta ‘Choons for ChildLine’ atá ann agus rachaidh an t-airgead ar fad go ISPCC ChildLine.

Chomh maith leis sin tá oíche mhór cheoil á reáchtáil ag Lauren, i dteach leanna Whelan’s ar 12 Feabhra, ag 8in.

I measc na gceoltóirí ar an oíche beidh Hvmmingbyrd, Colm Gavin, Aisling Jarvis agus Ailsha Davey.

Labhair muid Lauren ar an mallaibh faoina cuid ceoil agus chan sí a hamhrán nua-chumtha Gaeilge ‘Ní bheidh tú riamh leat féin’…

Bua an Cheoil - Lauren Ní Chasaide
Close
Close