Brian Ó hEadhra & Fiona MacKenzie

Is é Garbhchríocha na hAlban an áit a bhfuil Brian Ó hEadhra agus Fiona MacKenzie bunaithe.  Chasann siad ceol tíre ó roinnt seánra agus réigiún éagsúla; Nordach, Meiriceánach, Gaeilge agus Gaidhlig ina measc. Tá neart clú agus cáil agus meas báinte amach acu ó léirmheastóirí agus lucht éisteachtaí ar fud an domhain. Fuair siad moladh mór don chéad albam ‘TÍR - Highland Life and Lore’ agus beidh an dara halbam seolta acu ag tús na bliana 2020. 

Bhuail an bheirt acu lé chéile i 1997 agus d’eagraí siad banna ceoil sular phós siad. Le breis agus fiche bliain anuas, tá an bheirt acu ag taisteal ar fud an domhain ar chamcuairt agus anois tá iníonacha s’acu ag cuidiú leo mar amhránaí an bhanna ceoil.

Thug an teaghlach ceolmhar cuairt ar Éirinn ar na mallaibh agus chuir siad ceolchoirm bheag pearsanta ar siúl in Áras Mhic Reachtain i mBéal Feirste. Bhí an t-ádh ar Meon Eile cuireadh a fháil leis na hamhráin galánta a chloisteáil. Shuigh muid le Brian agus a iníon Órla chun labhairt faoin cheol, faoin chamchuairt agus faoin dinimic ar leith atá ag an bhanna ceoil.

Tá ceol Bhrian Ó hEadhra agus Fiona MacKenzie ar fáil ar Spotify agus Youtube agus is féidir an t-albam ‘TÍR - Highland Life and Lore’ a cheannach ar Amazon nó ó shuíomh s’acu anseo 

Ba ceart daoibh fosta, súil a coinneáil amach don albam nua a mbeidh ag teacht sa bhliain úr. 

Close
Close