Bréag: Fiche Bliain ag Fás

Bréag: Fiche Bliain ag Fás

Beidh ceolchoirm faoi leith ag tarlú oíche amárach chun ceiliúradh a dhéanamh ar an mbanna ceoil Bréag, atá 20 bliain le chéile.

Bunaíodh Bréag ar an gcéad dul síos chun airgead a bhailiú do na Gaelscoileanna. Bhí éileamh orthu ó shin agus tá siad fós ar an bhfód inniu.

Tá Bréag tar éis tacaíocht a thabhairt do cheoltóirí mór le rá, The Wailers, Shane McGowan agus Bad Manners ina measc. Thar na blianta tá go leor ceoltóirí tar éis teacht agus imeacht ón mbanna. Tá siad oscailte go leor mar ghrúpa agus cuireann siad fáilte roimh cheoltóirí nua seinm leo go minic.

Buaicphointe na ceolchoirme oíche amárach ná 15 ceoltóir ar an ardán, ceoltóirí an lae inniu agus cuid dóibh siúd a bhí leo thar na blianta.

Beidh an gig ar siúl sa Chultúrlann ar Bhóthar na bhFál, 2 Lúnasa, agus is féidir leat ticéid a fháil ag www.culturlann.ie

Bréag; Fiche Bliain ag Fás / Sarah de Búrca
Close
Close