'Blues on the Bay' ar ais i Rinn Mhic Giolla Rua

Bunaíodh an ‘International Guinness Blues on the Bay Festival’ sa bhliain 1998. Thosaigh sé amach le 20 gig agus tá clú agus cáil nach beag tar éis teacht air ó shin. Le níos mó ná 90 gig, tá sé anois ar na féilte snagcheoil is mó ar domhan.

Déanann eagraithe na féilte cinnte de go mbíonn béim mhór ar an gceol beo ach bíonn ócáidí eile á reáchtáil freisin. I mbliana bhí rás spraíúil culaith bhréige agus bhain go leor daoine sult as sin. Is féile neamhbhrabúis é Blues on the Bay agus bíonn na ticéidí i gcónaí ar díol ar phraghas réasúnta.

'Blues on the Bay' ar ais i Rinn Mhic Giolla Rua / Sarah de Búrca

Thar na blianta bhí neart ceoltóirí ag seinm ag an bhféile, Van Morrison, Peter Green agus Paul Jones ina measc. I mbliana bhí an ceoltóir mór le rá Sadi Thom i láthair. “Bíonn atmaisféar cairdiúil timpeall na háite i gcónaí ag an bhféile,” a deir Ian Sands, stúrthóir na féile agus is cinnte gur deis iontach é chun Rinn Mhic Giolla Rua, a chur chun cinn. Bíonn rudaí éagsúla ag tarlú gach bliain chun beocht a choinneáil san fhéile. I mbliana tháinig an bád mór Gulden Leeuw i dtír agus bhí an Gráinne Duffy Band ag seinm air. Cé gurb é an ceol croí lár an fhéile, tá neart ann do chách agus tá fáilte roimh gach duine.

Close
Close