Bainis Bhréige Ros na Rún

Bhí breis agus 200 duine i láthair ag fronsa Ros na Rún, a bhí ar siúl in Óstán Chuan na Gaillimhe, chun airgead a bhailiú do dhá chatharnacht áitiúla, Cancer Care West agus an Gavin Glynn Foundation.

Bhí gach rud faoi rún go dtí na bomaití deireanacha, agus ní raibh a fhios ag duine ná deoraí cé a bhí le pósadh… Adam agus Pádraig? Brian agus Berni? Katy agus Mac? Imelda agus John Joe? Ach sa deireadh thiar thall fuair an lucht féachana amach gurbh iad Bobbie Lee agus Niall an lánúin nua.

Ach mar is gnáth le Ros na Rún, níor imigh an ócáid gan giota beag drámaíochta.

Rinne an t-amhránaí ceol tíre clúiteach, Jimmy Buckley, iarracht stop a chur leis an phósadh, agus é ag iarraidh Bobbie Lee a mhealladh go Nashville leis, ach sa deireadh (i ndiaidh cúpla díséad) rinne sí an cinneadh Niall a phósadh, agus d’fhág Jimmy an t-óstán croíbhríste i gcuideachta Mháire.

Bhí oíche ar dóigh ann ó thús deireadh, agus bhí sé soiléir gur bhain gach duine a bhí i láthair sult mór as.

Beidh Aisteoirí Ros na Rún ag bronnadh an airgid a chruinnigh siad ar na catharnachtaí roimh an Nollaig.

Close
Close