Baile buan ag Aisteoirí Ghaoth Dobhair arís i ndiaidh 10 mbliana

Cúis bhróid agus cheiliúrtha a bhí ann do mhuintir na háite agus amharclann Ghaoth Dobhair á hathoscailt go hoifigiúil ag an deireadh seachtaine.

D’oscail an t-aisteoir Siobhán Ní Chionnaith Amharclann Ghaoth Dobhair ar ais sa bhliain 1961, ach ba é an tAire Stáit um an Diaspóra agus Fhorbairt Idirnáisiúnta,  Joe McHugh, a d’oscail an amharclann oíche Dé hAoine.

Tháinig breis agus 2,000 duine tríd doirse na hamharclainne ag an deireadh seachtaine agus ceiliúradh á dhéanamh ar cheol, ar dhrámaíocht agus ar chultúr an cheantair.


Dhruid an amharclann breis agus deich mbliana ó shin de bharr contúirtí sláinte agus sábháilteachta agus bhí an grúpa drámaíochta amaitéaraí, Aisteoirí Ghaoth Dobhair, fágtha gan baile buan.

Tá clú ar Aisteoirí Ghaoth Dobhair ar fud na tíre agus leoga níos faide i gcéin. Mar chuid den deireadh seachtaine d'fhill Aisteoirí Ghaoth Dobhair ar an ardán den chéad uair ó druideadh an Amharclann, leis an dráma ‘Sadhbh’ a chur i láthair, dráma mór le rá le John B. Keane, aistrithe go Gaeilge ag Áine Nic Giolla Bhríde, nó Annie Chonaill’, mar ab fhearr aithne uirthi, ar ais sna 60í.

Bhronn an tAire Joe McHugh deontas €485,000 ar Choiste Amharclann Ghaoth Dobhair don athchóiriú agus é ina Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta anuraidh.

Caitheadh tuairim agus €800,000 ar fad ar an athchóiriú go dtí seo. Mar chuid de, cuireadh síneadh leis an fhoirgneamh, chomh maith le bialann, seomraí feistis agus leithris úra. Tá ardán nua, chomh maith le córais soilse agus fuaime nua, san amharclann féin, agus spás do 300 duine ann. Tá seomra breise ar fáil do ranganna, ceardlanna, ceolchoirmeacha nó cibé eile fosta.



Close
Close