Tá athléiriú déanta ag daltaí Choláiste Feirste ar stair na nGael agus stair na Gaeilge le linn an Ghorta Mhóir. Tá ceithre chuid le dráma na bhFeirsteach dírithe ar chásanna cúirte na linne, saol maireachtála na ndaoine agus córas oideachais ón tréimse úd.
Díríonn scéal an dráma ar fhulaingt na ndaoine, daoine óga a ghabhadh as bia a ghoid agus brú an Béarla sa chóras scolaíochta.
Seo chugaibh buaicphointí na haisteoireachta chomh maith le caint óna haisteoirí agus léiritheoir an dráma…