'Aon' - Léiriú damhsa úrnua ar an ardán in Amharclann Ghaoth Dobhair an deireadh seachtaine seo

Uaslódáilte, íoslódáilte... an bhfuil muid caillte sa ré dhigiteach seo?

Seo go díreach an spreagadh atá taobh thiar den léiriú damhsa úrnua leis an damhsóir iomráiteach, Breandán de Gallaí & Ériu, dar teideal 'Aon'.

Spreagann 'Aonmuid na maisc a chaitheamh uainn, ár n-armúr a chaitheamh duínn agus muid féin a chaitheamh isteach i ndamhsa na saoirse agus na fuascailte.

Bhí an deis ag Meon Eile buladh le Brendán agus é féin agus a dhamhsóirí i mbun cleachtaidh in Amharclann Ghaoth Dobhair ar na mallaibh.

Beidh ‘Aon' le feiceáil ar an ardán in Amharclann Ghaoth Dobhair san oíche anocht agus oíche amárach ag 8in. Beidh seó luath ann inniu ag 1in fosta.


Close
Close