Aoife Scott ag Tradfest 2020

Sheol Aoife Scott a halbam nua, ‘Homebird’, ag Tradfest 2020 i mBaile Átha Cliath. Labhair Meon Eile léi i ndiaidh an tseolta le léargas a fháil ar a saol agus ar a bhfuil i ndán di sa todhchaí.

Thug Aoife míniú macánta ar saol an cheoltóra agus labhair sí faoin stíl cheoil atá aici féin agus an spreagadh a fuair sí don albam.

Luaigh sí an bród atá aici as a féiniúlacht Éireannach agus í ag taisteal thart ar an domhan ag seinm ceoil.

Tá albam Aoife ar fáil ar Spotify, ar Apple Music agus ar https://www.aoifescott.com/

Close
Close