An Tonn Nua: Scéal Raidió Fáilte

Tá taispeántas nua curtha in airde i Raidió Fáilte i mBéal Feirste, taispeántas a amharcann siar ar stair na meán Gaeilge sa chathair.

Tá balliúchán de phictiúirí, gearrthóga nuachtáin agus ailt ar taispeántas agus tugann siad léargas ar fhorbairt na meán, agus an phobail Gaeilge, i mBéal Feirste ó 1970í i leith. 

Bunaíodh an raidió sna 1980í agus tá dul chun cinn mór déanta aige ó shin: ó stáisiún bradach go dtí blianta rathúla sa Chultúrlann agus anois i bhfoirgneamh nua-aimseartha i lár na cathrach agus seirbhís chuimsitheach craoltóireachta aige.

Labhair Meon Eile le hEoghan Ó Néill, a bhí i measc na gceannródaithe a thosaigh Raidió Fáilte - mar aon le tograí go leor eile sna meáin - agus atá ag obair leis an stáisiún go fóill. 

Is fiú go mór bualach isteach chuig Raidió Fáilte, breathnú ar an taispeántas agus caife a fháil sa Lón Dubh ag an am céanna!

Close
Close