'An tEaragal' ag teacht go Béal Feirste

Tá an Earagail ar cheann de na sléibhte is aitheanta agus is áille sa tír agus tá taispeántas ealaíne anois curtha le chéile faoin sliabh féin.

Bhí an taispeántas ‘An tEaragal’ ar siúl sa Ghailearaí i nGaoth Dobhair i rith an tsamhraidh agus anois tá sé i gCultírlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste.

Is í an Earagail an sainchomhartha tíre is suntasaí i gContae Dhún na nGall – samhlaíonn muid ar fad í agus téann sí i bhfeidhm orainn ar an iliomad bealaí.

Cé nach bhfeictear ina iomlán í go minic mar go mbíonn sí i bhfolach faoi na scamaill, is maorga an radharc é nuair atá an sliabh ar fad le feiceáil.

Tá péintéireacht, grianghrafadóireacht, filíocht, téacs coimisiúnaithe, scannáin ealaíne agus scannáin fhaisnéise mar chuid den taispeántas.

Chaith muid lá sa Ghailearaí sular tháinig an taispeántas go Béal Feirste. Seo blaisín den méid a bhéas le feiceáil agat sa Chulturlann as seo go 18 Samhain.

Táispeantas an Earagail ag teacht go Béal Feirste
Close
Close