Cuireadh an fhéile Docs Ireland ar siúl arís i mBéal Feirste don 8ú bliain as a chéile agus scoth na scannán á thaispeáint timpeall na cathrach an tseachtain seo caite.
Ceann acu siúd ná Immrám, scannán faisnéise ina leantar teaghlach croíúil cairdiúil, Diarmuid Lyng agus Siobhán de Paor, mar aon lena bpáistí, agus an pobal thart orthu.
Dírítear ar an obair atá ar bun ag an teaghlach i dtaca le seilbh a ghlacadh arís ar an fhéiniúlacht dhúchasach, idir nósanna, reiligiún agus teanga. Tá Diarmuid agus Siobhán ag iarraidh fréamhacha cultúrtha agus creidimh a athbhunú trí chumhacht an dúlra agus na timpeallacht thart orthu. Tá ról lárnach ag teagasc agus nósanna an fhealsaimh mhistigh, John Moriarty (1938-2007), sa ghluaiseacht seo chomh maith.
D’fhreastail Meon Eile ar léiriú an scannáin an tseachtain seo caite sa QFT, áit a raibh an seomra lán le daoine. Cuireadh seisiún ceisteanna ar siúl le beirt stiúrthóirí agus comhoibrithe, Michael Holly agus Mieke Vanmechelen, agus iad i mbun comhrá le Diarmuid. Is féidir píosaí ón scannán féin a fheiceáil san fhíseán thuas, a bhuí le Michael agus Mieke.
Is féile idirnáisiúnta é Docs Ireland a dhéanann ceiliúradh ar an scannánaíocht idirnáisiúnta agus a thugann ardán ar leith do chruthaitheoirí dúchasacha agus a gcuid saothair.
Thug An Chomhairle Ealaíon maoiniú don scannán agus is é Fierce Quiet Films, comhlacht a bhunaigh Mieke Vanmechelen, a léirigh.


