Júcbhocsa filíochta Gaeilge ar an tsráid i mBéal Feirste


Tá cuairteoir úr ag an Chultúrlann i mBéal Feirste, is é sin júcbhosca a sheinneann filíocht don pobal!

Forbartha ag an chomhlacht léiriúcháin, Quotidian, tá an júcbhosca ríomhcláraithe le saothar ó fhiche file de na filí is iomráiteacha in Éirinn agus é á chur ar fáil mar chuid de thionscnamh atá dírithe ar litríocht a sholáthar in áiteanna poiblí.

Labhair na scríbhneoirí Máire Zepf agus Ceilia de Fréine linn faoin tábhacht a bhaineann leis an tionscnamh seo a chur ar fáil go poiblí trí mheán na Gaeilge.

Beidh an júcbhosca ar Bhóthar na bhFál ar feadh trí mhí eile agus is cinnte gur bealach nuálach é chun an fhilíocht a fhiosrú.

Tá tuilleadh eolais faoin júcbhosca le fáil anseo: https://www.culturlann.ie/ga

Close
Close