'Irish Video Game Orchestra' ag Féile Stendhal

Is ceolfhoireann phobalbhunaithe é an IVGO, nó an 'Irish Video Game Orchestra', atá dírithe ar cheol ó chluichí ríomhaire, cláir anime agus scannáin a thabhairt chuig an halla ceolchoirme, trí lionsa an cheoil chlaisicigh.

Roghnaíonn an cheolfhoireann amhráin ó na físchluichí seanbhunaithe, a dtéann a stair siar breis agus 30 bliain le clasaicí ar nós ‘Sonic the Hedgehog’, ‘Super Mario’ agus ‘Zelda’ agus ó na cluichí is nua-aimseartha agus cluichí indie amhail ‘Ori and the Blind Forest’. 

An rud is suntasaí faoi stíl cheoil an IVGO ná go mealltar isteach idir óg agus aosta, idir thuismitheoirí agus pháistí, chuig an halla ceolchoirme, cé go bhfuil seans maith ann nach ndeachaigh siad chuig ceolchoirm chlaisiceach riamh roimhe.

Chuaigh Meon Eile ar camchuairt leis an cheolfhoireann chuig Féile Stendhal i Léim an Mhadaidh, Contae Dhoire, ar na mallaibh le blaiseadh a fháil ar na fuaimrianta, ar na físeáin agus ar an atmaisféar a chruthaíonn siad.  

Má tá spéis agat freastal ar cheolchoirm de chuid an IVGO, beidh siad ag seinm ar Shráid Rosemary le linn Oíche Chultúr i mBéal Feirste, Dé hAoine 20 Meán Fómhair.

Close
Close