An Focal Beo: 'Cérbh é Pádraig Mac Piarais?'

Tarraingíodh slua Gael go Grúdlann Kinnegar, Leitir Ceanainn, oíche Dé hAoine seo caite le freastal ar imeacht darb ainm ‘Cérbh é Pádraig Mac Piarais?’, a bhí á léiriú ag Noel Ó Gallchóir.

Ba é seo an t-imeacht deireanach i sceideal An Focal Beo, féile a bhíonn á reáchtáil go bliantúil ag Líonra Leitir Ceanainn le deiseanna a chur ar fáil do phobal an cheantair an Ghaeilge a chur in úsáid ar bhonn sóisialta agus saibhreas na teanga a chluinstin chomh maith.

Bunaithe ar sheó a chuir Noel le chéile in 2016 mar chomóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca, ba léiriú é ‘Cérbh é Pádraig Mac Piarais?’ ar shaol agus ar shaothar an Phiarsaigh. Idir na sleachta a bhí á n-aithris ag Noel bhí ceol á chasadh ag Conor Ó Gallchóir. Chan sé amhráin a raibh baint dhíreach acu le saol an Phiarsaigh, nó a bhí bainte leis na téamaí a bhí á bplé aige. I measc na n-amhrán seo bhí ‘Óró Sé Do Bheatha Bhaile’, ‘Mo Chró Beag ag Bun Chnoc an Tí’, ‘Mo Ghile Mear’ agus ‘Caoineadh na dTrí Mhuire’.

Ag deireadh an imeachta, sheol Bairbre Uí Chathail, Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Líonra Leitir Ceanainn, na mataí beorach nua atá cruthaithe ag an eagraíocht. Beidh na mataí le feiceáil timpeall an bhaile agus is é an sprioc atá ag Líonra Leitir Ceanainn ná go ngríosfaidh siad daoine an Ghaeilge a labhairt agus iad amuigh sna tithe tabhairne áítiúla.

Labhair Meon Eile le Bairbre, a phléigh an fhéile, an t-imeacht agus na mataí beorach linn, agus le Noel, a d’inis dúinn faoina shuim sa Phiarsach agus an dóigh ar músclaíodh í.

Close
Close