'Grindr, Saghdar & Cher' ar ardán i mBéal Feirste

Is grúpa ealaíontóirí Gaeilge ón phobal LADT iad Aireach, Aiteach, Gaelach a bunaíodh in 2020. Léiríodh an dráma is nua dá gcuid, Grindr, Saghdar & Cher, i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich le déanaí mar chuid den Fhéile Outburst.

Is iad Ciara Ní É, Eoin McEvoy agus Sam Ó Fearraidh a scríobh an dráma a dhíríonn ar thriúr carachtar agus iad ar oíche amuigh i mbeár aerach, agus gach duine acu ag caint faoina dtaithí féin ar an oíche.

Scríobhadh na scéalta go neamhspleách ar a chéile ach bhí na scríbhneoirí i dteagmháil i gcónaí ionas go bhféadfadh na gnéithe éagsúla den phlota a bheith fite fuaite ina chéile. 

Léiríodh an dráma i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, agus i nDún na nGall roimhe seo, agus anois i mBéal Feirste, agus tá pleananna ag an ghrúpa taisteal níos faide ó bhaile arís chomh maith.

Is féidir cuairt a thabhairt anseo chun tuilleadh eolais a fháil faoi Aireach, Aiteach, Gaelach agus lena fháil amach cén uair agus cén áit a mbeidh Grindr, Saghdar & Cher á thaispeáint in 2024.

Close
Close