An fhéile cheoil 'Skye Live' á ceiliúradh den 5ú bliain

Den chúigiú bliain as a chéile, thuirling na sluaite ar Eilean Sgitheanach na hAlban don fhéile cheoil, 'Skye Live'.

Is féile í seo a chuireann béim ar mheascán den cheol traidisiúnta agus den cheol damhsa, agus i mbliana bhí leithéidí Niteworks, Peatbog Faeries, Lau, Elephant Sessions agus Hecla ar ardán.

Timpeallaithe ag radharcanna galánta ar an oileán, is féile ar leith í Skye Live.

Thug Meon Eile cuairt ar an fhéile i mbliana chun bualadh le ceoltóirí, lucht freastail agus eagraitheoirí na féile.

Close
Close