An Corráiste - banna nua ar an fhód

Tá banna ceoil úrnua bunaithe ag Aodán ‘Jaff' Mac Séafraidh, Seaicailín Mhic Shéafraidh agus beirt dlúthchairde leo, Siún Ní Dhuifin agus Gaby Irisarri. 

Is é a chiallaíonn ainm an bhanna, 'An Corráiste’, ná 'The Luck Penny’ sa Bhéarla agus is téarma é a thagann ón uair a bhíodh daoine ag ceannach sna margaí - capall, bó, carr nó cibé rud faoin spéir - agus thabharfadh an t-úinéir pingin nó dhó dóibh mar chomhartha buíochais agus áidh. Ba thraidisiún mór é i measc feirmeoirí go háirithe.

Tháinig na ceoltóirí ar an smaoineamh le haghaidh ainm an bhanna i ndiaidh dóibh port den ainm céanna, ‘The Luck Penny’, a chluinstin.

Bíonn réimse uirlisí á seinm acu - an consairtín, an fhidil, an basúcaí, an phíb uilleann, feadóga agus giotár - agus bua na hamhránaíochta ag an bhanna lena chois.

Bhuail Meon Eile le ‘An Corráiste’ agus iad i mbun ceoil ar na mallaibh sa teach tábhairne 'Na Cros-Eochracha’, nó The Crosskeys Inn taobh amuigh de Dhroichead Thuama, Contae Aontroma, áit a mbíonn siad ag bualadh go rialta sna seisiúin cheoil agus áit atá lán de stair agus de chultúr ó bunaíodh é in 1654.

Close
Close