An Ceoltóir Rap - Óisín Mac Giolla Bhríde

Is ceoltóir rap den scoth é Oisín Mac Giolla Bhríde agus tá sé ag déanamh réidh lena albam nua, "Meon na hAoise” a sheoladh. Tá fás as cuimse faoi rapcheol na Gaeilge faoi láthair, agus tá Oisín ar cheann de na ceoltóirí is mó a chuidíonn leis an cheol sin a chur chun cinn.

Is ceoltóir neamhspleách é Oisín a dhéanann gach rud é féin, ó na hamhráin a chumadh agus a thaifeadadh go dtí na buillí a chruthú agus na físeáin cheoil a stiúradh agus a ghearradh.

Labhair Meon Eile leis faoina shaol mar cheoltóir rap Gaeilge. Labhair sé faoi na hábhair inspioráide atá aige agus faoin dóigh ar fhás agus ar fhorbair an rapcheol in Éirinn. Chomh maith leis sin, phléigh muid an t-amhrán nua atá aige, ‘An Estát’.

Is ceoltóir den scoth é Oisín nach bhfuil teorainn lena chuid cruthaitheachta. 

Tá nasc chuig Spotify, Soundcloud agus Youtube Oisín le fáil anseo.

Close
Close