Is triúr fuirseoirí mór le rá - Julie Jay, Michael Fry agus Shane Daniel Byrne - a bheidh ina nAmbasadóirí do Sheachtain na Gaeilge le Energia 2025.
Féile bhliantúil í Seachtain na Gaeilge a thiteann amach idir 1-17 Márta gach bliain agus a chuireann an teanga chun cinn timpeall na tíre trí réimse leathan imeachtaí spreagúla do gach duine.
D'fhreastail Meon Eile ar sheoladh na meán in oifigí Core i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite agus bhí an deis againn labhairt leis na hAmbasadóirí nuacheaptha, chomh maith le bainisteoir Sheachtain na Gaeilge le Energia, Orlaith Nic Ghearailt.
Cuireadh painéal cainte spéisiúil ar siúl a raibh Emma Ní Chearúil ina cathaoirleach air agus ar labhair na hAmbasadóirí faoina dtaithí phearsanta leis an teanga go dtí seo agus faoi na spriocanna a bheas acu le linn na féile chun an Ghaeilge a nascadh ina ngnáthshaol agus i measc a gcuid leantóirí.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar Sheachtain na Gaeilge agus ar na himeachtaí atá beartaithe anseo.