Albam nua le Gráinne Holland seolta

Albam nua le Gráinne Holland seolta

Sheol Gráinne Holland as Iarthar Bhéal Feirste a dara halbam, Gaelré, ar lipéad Gael Linn i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich Dé hAoine. Ceithre bliana atá imithe ó d’eisigh Gráinne a céad albam, Teanga na nGael.

Tá amhráin mar An Droighneán Donn, Síos an Sliabh agus An Fear Foltliath le Seán Ó Muireagáin le cluinstin ar an albam nua.

Rinne deirfiúr Ghráinne, Ardmhéara Bhaile Átha Cliath Theas, Sarah Holland, an t-albam a sheoladh roimh cheolchoirm i gCultúrlann a bhí lán go doras.

Seo blaiseadh ar na hamhráin atá le cluinstin ar an albam nua agus agallamh le Gráinne faoin méid ata roimpi amach anseo…

Gaelré seolta ag Gráinne Holland
Close
Close