Aitheantas bronnta ar an aisteoir agus scríbhneoir Niall Mac Eachmharcaigh

Tugadh onóir don scríbhneoir, stiúrthóir agus aisteoir cailiúil, Niall Mac Eachmharcaigh, le gairid mar gheall ar na héachtaí uilig atá bainte amach aige.

Is as Rann na Feirste ó dhúchas é Niall agus tá ceathrar clainne air. Bhí sé i gcónaí ag iarraidh a bheith ina aisteoir ó bhí sé ina ghasúr óg agus an ghairm sin saoraithe as cuimse aige síos fríd na blianta.

Chuir sé tús le saol na haisteoireachta ar an stáitse, ach bheadh aithne den chuid is mó againn air mar ‘John Joe’ as an sobaldráma ‘Rós na Rún’ nó ón chlár grinn C.U. Burn, sraith a scríobh agus a stiúir sé i gcuideachta a chairde, Sean McGinley agus Aodh Beag Ó Duibheanaigh.

Ba ag ócáid ar an Chlochán Liath, a d'eagraigh Comhairle Contae Dhún na nGall, a tugadh an t-aitheantas dó.

Labhair Meon Eile le Niall faoina shaol agus a shaothar...

Close
Close