Aistriúchán Gaeilge den úrscéal ghrafach ‘Heartstopper’

Bhí An Siopa Leabhar i lár Bhaile Átha Cliath lán go doras ar na mallaibh chun aistriúchán Gaeilge den úrscéal ghrafach do dhéagóirí ‘Heartstopper’ a sheoladh, aistrithe ag Eoin McEvoy. Is iad Futa Fata a dfhoilsigh an t-eagrán Gaeilge agus atá ag foilsiú leabhair Ghaeilge do pháistí le roinnt blianta anuas. 

Foilsíodh Heartstopper’ le Alice Oseman sa bhliain 2019 agus chuaigh an scéal grá seo ó neart go neart, ag baint dhá shéasúr Netflix amach in 2021 agus ag fáil moladh mór ar fud an domhain. Is comhrá é an leabhar seo idir bheirt bhuachaillí scoile a thiteann i ngrá agus na mothúcháin, an faitíos agus na sceitimíní a bhíonn ag baint le grá aerach i measc an aosa óig.

Thug Meon Eile cuairt ar an seoladh i mBaile Átha Cliath agus labhair muid leis na daoine a chuir an leabharseo i gcrích.

Labhair Tadhg Mac Donnagáin, bunaitheoir Futa Fata, faoi cé chomh tábhachtach agus a bhí sé ibh an leabhar a chur amach le linn Mhí an Bhróid lena gcuid tacaíochta a leiriú don phobal LADTA+ anois agus i gcónaí.

Labhair muid le hEoin McEvoy, a daistrigh an leabhar, faoi na dúshláin a bhíonn ann agus é ag iarraidh caint neamhfhoirmeálta idir dagóirí a aistriú go Gaeilge le go mbeidh an bhrí chéanna ag na focail don lucht léitheoireachta

Dúirt Gráinne Ní Mhuilneoir, bainisteoir An Siopa Leabhar, go raibh áthas agus bród an domhain ar fhoireann an tsiopa an foirgneamh a fheiceáil dubh le daoine agus an leabhar galánta a bheidh ar sheilfeanna sacu ó seo amach.

Close
Close