Aisling Ghéar - 20 Bliain ag Fás

Bhí comóradh 20 bliain ag an chompántas amharclainne Aisling Ghéar ar na mallaibh.

Lonnaithe i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich in Iarthar Bhéal Feirste, tá an comhlacht agus an amharclann féin i gcroílár an cheantair Gaeltachta sa chathair agus is féidir tábhacht na hamharclainne don phobal a mhothú chomh luath is théann tú isteach sa Chultúrlann.

Ó dhrámaí aitheanta amhail ‘Waiting For Godot’ go saothar nuálach mar ‘Ní Thig Linn Íoc. Ní Íocfaidh Muid!’, tá réimse leathan ábhair curtha chun ardáin ag Aisling Ghéar thar na blianta, agus blas ceannródaíoch ag baint le cuid mhór acu.

Is liosta le háireamh na haisteoirí a d'oibrigh leis an chompántas agus bhí beirt a bhíonn ar stáitse go rialta leo, Tony Devlin agus Nuala Ní Néill, i láthair ag oíche spraoi agus drámaochta a d'eagraigh Aisling Ghéar le déanaí.

Mar aon leis na haisteoirí bhí neart daoine eile ann chun sult a bhaint as an oíche agus chun tacú leis an chompántas agus iad ag iarraidh airgead a thiomsú len iad féin a chothú sa tsochaí.

Gearradh maoiniú Aisling Ghéar go suntasach anuraidh ach in ainneoin na gciorruithe seo tá stiúrthóir an chomhlachta Bríd Ó Gallachóir fós muiníneach agus ar bís faoi cad atá beartaithe acu don tréimhse amach romhainn.

Coinnigh súil ar an spás seo!

Close
Close