Ag tógáil an phobail - Ionad Naomh Pádraig, Dobhar

Ag tógáil an phobail - Ionad Naomh Pádraig, Dobhar

Beidh Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeltachta 2013 ar siúl an tseachtain seo 4 – 7 Iúil ar Oileán Árainn Mhóir i dTír Chonaill.

Is ócaid í seo a eagraítear i gceantar Gaeltachta gach bliain agus ina mbíonn imeachtaí éagsúla á reáchtáil thar na ceithre lá. I mbliana beidh plé níos dáiríre ar siúl fosta faoi staid reatha na pleanála teanga sa Ghaeltacht agus feidhmiú Acht na Gaeltachta, ar an Aoine, ag Seimineár an Tionóil Ghaeltachta .

Ta coistí fud fad na Gaeltachta sa lá atá inniu ag déanamh iarracht mhór béim a chur ar phleanáil teanga agus iad ag iarraidh déanamh cinnte go gcoinníonn siad an Ghaeilge saibhir nádúrtha agus laidir.

Is sampla maith de na coistí seo ná Ionad Naomh Pádraig i nDobhar atá ag déanamh sár-oibre ina gceantar féin.

D’osclaóidh Ionad Naomh Pádraig ar an 26ú Márta 2006 agus ó shin tá siad ag gabháil ó neart go neart. Is ón chéad lá sin i 2006 a chlarú coiste Dobhair le Glór na nGael. Achan bhliain ó shin tá duais éigin buaite acu, ach is é anuraidh afách a bhfuair siad an t-aitheantas is mó nuair a bhuaigh siad príomh duais Glór na nGael.

Tá páirt lárnach ag an Ghaeilge san obair uilig atá i mbun acu san ionad, agus í mar príomh teanga ag muintir Dobhair. Bhí i gconaí polasaí laidre ag coiste an ionad maidir leis an Ghaeilge, ach anuaraidh chuir siad tús le plean teanga cuig bliana le déanamh cinnte go n-aistreoidh an Ghaeilge ó ghlún go glún eile.

Bíonn meascán do himeachtaí ar súil acu i Ionad naomh Pádraig. Chomh maith le cúrsaí agus ceardlanna éagsúla. Diríonn muintir Ionad Naomh Pádraig ar achan aois ghrúpa agus achan rud déanta trí mheán na Gaeilge.

An deireadh seachtaine seo caite bhí Ceardlanna ‘Voices and Harps’ de chuid Moya Brennan agus Cormac de Barra ar súil. Beirt a mhólann an obair atá i mbún ag Máire Uí Chomhall agus an fhoireann uilig i Ionad Naomh Padraig Dobhair

Ionad Naomh Pádraig Dobhair

Seoladh dluthdhiosca úr de chuid Moya Brennan agus Cormac de Barra darb ainm ‘Affinity’ ag an deireadh seachtaine. Tuilleadh eolas le fáil ag http://www.voicesandharps.com/

Close
Close