Ranganna Amhránaíochta le Róise Ní Mhurchú

Cuireadh ranganna amhránaíochta ar siúl i mBéal Feirste ar na mallaibh agus is í Róise Ní Mhurchú, ceoltóir óg agus amhránaí ar an tsean-nós as Contae Dhoire, a bhí ina mbun.

Bhí na ranganna ar siúl ón Luan go dtí an Déardaoin ag Barr a’ Tí in Áras Mhic Reachtain ar Bhóthar Aontroma agus cuireadh fáilte roimh dhaoine de gach leibhéal cumais Gaeilge freastal orthu. D'fhoghlaim siad amhráin ar nós ‘A Stór, A Stór, A Ghrá', 'A Mháithrín Dhílis' agus 'Tá an Coileach Ag Fógairt An Lae'. 

Bhuail Meon Eile isteach ar na ranganna agus bhí deis againn labhairt le Róise faoi na ranganna agus faoi chúlra s'aici féin leis an amhránaíocht. 

Is mar chuid de Scoil Samhraidh Mhic Reachtain 2025 a eagraíodh an tsraith ranganna.

Close
Close