'A stór mo chroí' - ceiliúradh ceoil

'A stór mo chroí' - ceiliúradh ceoil

Tá scoth na gceoltóirí agus amhránaithe Gaelacha tar eis theacht le chéile mar ghrúpa amháin darb ainm ‘A stór mo chroí’.

Is an fear uasal Colm Ó Síocháin a tharaing na ceoltóirí seo le cheile don chéad uair ariamh chun dlúthdhiosca a thaifead don tidéal céanna agus as sin a d’fás an smaoineamh camchuairt a dhéanamh.

Sa ghrúpa seo tá triúr de na glórtha is binne a tháinig amach as Corca Dhuibhne ariamh, Muireann Nic Amhlaoibh agus an bheirt as ‘Lumiere’, Éilis Kennedy agus Pauline Scanlon.

Ní bhíonn mórán in ann caidreamh a chothú leis an lucht féachana chomh maith le John Spillane. Agus is beag duine nach bhfuil suim ina chuid ceoil agus a chuid amhrán, cuid daofa a d’fhoghlaim muid ar scoil agus cuid eile acu scríofa aige féin.

Agus cinnte cha dtig linn dearmad a dhéanamh ar Donogh Hennessy atá mar rí ar an ghiotár agus na sár-cheoltóirí Dónal O’Connor and John McSherry atá aitheanta go maith i saol an cheoil traidisúnta thart fá Bhéal Feirste.

Tháinig siad uilig le chéile in amharclann an MAC, i mBéal Feiste, oíche Luain le haghaidh oíche mhór cheoil agus spraoi agus ní raibh díomá ar dhuine ar bith agus iad ag fágáil na ceolchoirme.

Bhí Mary Dillion ansin leo ar an ardán agus gach duine chomh socair suaimhneach ag éisteacht le scoth an cheoil uathu.

Bhí deis ag ‘Meon Eile’ bualadh leis an leis an ghrúpa roimh ré agus iad i mbun cleachtaidh…

'A stór, mo chroí'
Close
Close