A gcéad albam seolta ag ‘The Conifers’

Sheol  na nAerthonnta, Rónán Mac Aodha Bhuí, dlúthdhiosca úr de chuid na Conifers i dTeach Leo le linn Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair le déanaí.

Is grúpa ceoil bríomhar beomhar úrnua iad na Conifers a bhfuil a gcuid ceoil agus amhráin fréamhaithe go mór sa traidisiún a bhaineann le hiarthuaisceart Dhún na nGal, ceantar Shliabh Luachra agus Contae an Chláir.

Ceoltóirí agus cumadóirí cumasacha, chas an cúigear stócach - Cathal Ó Curráin, Felix Morgenstern, Bryan O’Leary, Conor O’Loughlin, agus Marty Barry - ar a chéile in Ollscoil Luimnigh, áit a bhfuil siad ag déanamh staidéar ar an cheol.

Anois agus a gcéad albam seolta acu, tá na Conifers ag tabhairt faoi chamchuairt timpeall na tíre.

Beidh na leaids ag bualadh sa Skylite Room, Rinn Mhic Giolla Rua, Co. an Dúin Dé hAoine 11 Eanáir, agus arís sa Cobblestone i mBaile Átha Cliath an 12ú Eanáir.

Close
Close