A chéad leabhar foilsithe ag an aisteoir agus iriseoir ildánach, Domhnall O'Donoghue

A chéad leabhar foilsithe ag an aisteoir agus iriseoir ildánach, Domhnall O'Donoghue

A chéad leabhar foilsithe ag an aisteoir agus iriseoir ildánach, Domhnall O’Donoghue.

D’fhoilsigh sé a chéad leabhar dar teideal ‘Sister Agatha: The World’s Oldest Serial Killer’ ar líne ar an 3ú Lúnasa, agus tá ag éirí go hiontach leis ó shin.

Scéal scéinséir grinn atá ann faoi eachtraí mná rialta atá 118 bliain d’aois.

Nuair a fhaigheann an tSiúr Agatha amach nach bhfuil ach seachtain fágtha aici ar an domhan seo, téann sí ar thuras timpeall na cruinne ag iarraidh an ceathar atá níos sine ná í a mharú, sa dóigh go mbeidh sí ar an duine is sine ar domhan.

Tá Domhnall le feiceáil go rialta mar aisteoir ar an sobaldráma ‘Ros na Rún’, agus is leas-eagarthóir é ar an iris ‘Irish Tatler Man’… cá bhfios cén dóigh a raibh sé ábalta leabhar a scríobh fosta!

Agallamh le Domhnall O'Donoghue

Beidh cóip chrua den leabhar ‘Sister Agatha: The World’s Oldest Serial Killer’ ar fáil ón mhí seo chugainn ar aghaidh.

Close
Close