5 fhíseán ealaíne is mó ó 2019

Bliain mhór ab ea í 2019 ó thaobh na healaíne, ceoil agus cultúir de. Seo súil siar ar chúig cinn de na físeáin cheoil agus chultúir is mó a raibh tóir orthu ar Meon Eile i mbliana… Bain sult astú!

An bhliain is mó ag Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair go dtí seo.

Bhí Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair ag ceiliúradh cúig bliana ar an fhód i mbliana.

Cuireadh tús léi mar Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy sa bhliain 1994, in ómós don sárcheoltóir as Béal Feirste.

I ndiaidh 20 bliain den fhéile ghlac Comharchumann Ghaoth Dobhair ceannas uirthi agus tá sí ag dul ó neart go neart ó shin.

A gcéad albam seolta ag ‘The Conifers’

Sheol Rí na nAerthonnta, Rónán Mac Aodha Bhuí, dlúthdhiosca úr de chuid na Conifers i dTeach Leo le linn Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair le déanaí.

Is grúpa ceoil bríomhar beomhar úrnua iad na Conifers a bhfuil a gcuid ceoil agus amhráin fréamhaithe go mór sa traidisiún a bhaineann le hiarthuaisceart Dhún na nGal, ceantar Shliabh Luachra agus Contae an Chláir.


Féile úr 'Ceol na Croise' i gCrois Mhic Lionnáin

Rinneadh ceiliúradh le linn an deireadh seachtaine ar an stair shaibhir Ghaeilge agus amhránaíochta atá beo beathach go fóill i mórcheantar Ard Mhacha Theas, áit ar mhair seanchainteoirí dúchais Gaeilge chomh fada leis an chéad leath den 20ú haois. 

Ba í seo an chéad bhliain den fhéile úr 'Ceol na Croise' agus cuireadh tús suimiúil léi le léacht ón Dr Gearóid Trimble, arb as Crois Mhic Lionnáin dó féin agus atá ina shaineolaí ar stair an cheantair.


Seancheirdeanna na hÉireann: Cléibh le hOwenie Diver..

Is iomaí seancheird a cuireadh ar aghaidh ó ghlúin go glúin anseo in Éirinn. Ach níl mórán daoine ann na laethanta seo ar féidir leo a rá gur saineolaithe iad ar na seanbhealaí cruthaitheacha a bhí ag muintir na tíre seo rudaí a chruthú. Sa tsraith seo ar Meon Eile 'Seancheirdeanna na hÉireann' buailfidh muid le daoine timpeall na tíre atá ag coinneáil seancheirdeanna beo.

In eagrán na seachtaine seo, bhuail Meon Eile le hOwenie Diver i gCill Ulta, Co. Dhún na nGall. Déanann Owenie cléibh de láimh. Múineann sé ceardlanna i rith na bliana chun an cheird a chur ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile.


Cultúrlann nua i Léim an Mhadaidh, Co. Dhoire...

Bhí an chéad imeacht oifigiúil ar siúl sa chultúrlann úrnua atá ag Glór Léim an Mhadaidh an tseachtain seo caite.

Cé nach raibh an foirgneamh iomlán réidh, bhí an halla mór foirfe don fhéile cheoil agus amhránaíochta bhliantúil a eagraítear i gcuimhne ar an cheoltóir áitiúil Eddie Butcher.

Bhí scoth na n-amhránaithe ó gach cearn de Chúige Uladh i láthair agus canadh amhráin i nGaeilge, Gàidhlig agus Béarla ó léithéidí Dàibhidh Stiùbhard agus Dearbhla Scallon ó Thír Eoghain agus Piaras Ó Lorcáin as Crois Mhic Lionnáin. 


Close
Close