5 fhíseán ealaíne is mó ó 2018

Bliain mhór ab ea í 2018 ó thaobh na healaíne, ceoil agus cultúir de. Seo súil siar ar chúig cinn de na físeáin cheoil agus chultúir is mó a raibh tóir orthu ar Meon Eile i mbliana… Bain sult astú!

1. ’Mixtape' Kneecap seolta i mBaile Átha Cliath agus Béal Feirste...

Bhí dhá sheoladh spleodracha ag an tríréad hip-hop KNEECAP an tseachtain seo caite i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste dá n-eisiúint úr '3CAG'. Bhí na céadta i láthair agus bhí Meon Eile ina measc...


2. Tábhairne Leo ag ceiliúradh 50 bliain ar an fhód...

Bhí féile mhór ceoil i Mín na Leice i nGaeltacht Thír Chonaill ag an deireadh seachtaine agus Tábhairne Leo ag ceiliúradh 50 bliain ar fhód. Tháinig na céadta ó gach cearn den domhan le haghaidh na féile agus i measc na gceoltóirí a chuaigh ar an ardán mar chuid don cheilúradh, bhí Daniel O'Donnell, Phil Coulter, Donovan, Hazel O'Connor, Clann Mhic Ruairí agus Clannad Music iad féin...


3. Féile na Gealaí ag dul ó neart go neart...

Tá Féile na Gealaí anois ar cheann de bhuaicphointí #Gaeilge na bliana. Ó thús beag dhá bhliain ó shín, tá an fhéile cheoil agus champála do na Gaeil ag dul ó neart go neart. Bhí Meon Eile i lár an aonaigh arís i mbliana... 


4. 'Gruagairí' i gColáiste Feirste...

Chuir na daltaí i gColáiste Feirste an dráma 'Gruagairí' le Dave Duggan ar ardán na scoile ar na mallaibh. D'oibrigh na páistí go crua chun an dráma a chur ar stáitse agus tá an toradh le feiceáil...


5. Cúinne Comhrá, Féile Swell - Dónall Mac Ruairí...

Tá muid ar ais le haghaidh sraith eile de 'Cúinne Comhrá’ ar meoneile.ie, an iarraidh seo tá muid ag teacht chugaibh ó Fhéile Swell, féile cheoil agus champála ar Árainn Mhóir, oileán amach ó chósta Dhún na nGall. An tseachtain seo, tá Seán ag labhairt leis an cheoltóir agus an craoltóir aitheanta, Dónall Mac Ruairí...


Close
Close