Éigse Loch Lao - Físmheáin na Gaeilge

Éigse Loch Lao - Físmheáin na Gaeilge
Físmheáin na Gaeilge / Sarah de Búrca

Bhunaigh Ollscoil Uladh i gcomhar le Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain Éigse Loch Lao chun léann agus litríocht na Gaeilge a cheiliúradh i gcathair Bhéal Feirste trí imeachtaí léannta agus sóisialta a thionscnamh ar bhonn bliantiúil.

I mbliana, is é an téama a bhí ann ná Físmheáin na Gaeilge. Bhí léachtaí ar siúl thar an deireadh seachtaine chomh maith le hoíche siamsaíochta agus bhí deis ag daoine teacht le chéile chun an t-ábhar suimiúil seo a phlé.

Bhí Meon Eile i láthair ag tús na n-imeachtaí nuair a bhí Karen Kirby, Ceannasaí Aonad na Gaeilge BBC Thuaisceart Éireann ag plé Ról na teilifíse i measc na bhfísmheán agus Róise Ní Bhaoill, Ciste Craoltóireachta na Gaeilge ag caint ar An Chiste Craoltóireachta Gaeilge.

Is cinnte go bhfuil ról na teilifíse tar éis athrú thar na blianta agus labhair Karen agus Róise ar na hathruithe seo.

Close
Close