Cártaí Poist - Áine Ní Dhonnaile

Sa tsraith nua seo 'Cártaí Poist' seolann daoine cárta poist chucu féin ón am atá caite le comhairle a thabhairt dóibh roimh imeacht nó eachtra mhór ina saol. 

Inniu, tá Áine Ní Dhonnaile linn, bean óg as cathair Dhoire a chaith laethanta samhraidh a hóige i gColáiste Bhríde, Rann na Feirste. Tá Áine ag seoladh cárta poist chuici féin roimh dhul chun na Gaeltachta den chéad uair ag cur comhairle uirthi féin agus ag insint d'Áine níos óige faoin saol atá amach roimpi. Nach galánta sin!

Close
Close