Uibheacha á reo ag Facebook agus Apple - an taobh dorcha?

Michaeline Donnelly

Is mór an cháil atá ar leithéidí Facebook, Google agus Apple mar áiteanna oibre nua-aimseartha agus nualácha.

Tá scéalta cloiste againn ar fad faoi bhia saor in aisce, áiteannna le neal a fháil, páirceanna spóirt, sleamhnáin i lár na hoifige, agus cuid mhór eile lena chois, ach tá céim eile glactha acu ar na mallaibh, ar chéim rófhada é dar liom.

Fógraíodh an tseachtain seo go mbeidh Apple agus Facebook, atá ar na comhlachtaí is mó ar domhan, ag cur airgid ar fail do mhná atá ag obair leo lena n-uibheabhacha a reo. Cé nach mbeidh na háiseanna sna hoifigí féin, beidh siad ag tabhairt suas go £12,000 i dtreo na gcostas, le ligint do mhná díriú isteach ar a slite beatha.

Céim iontach radacach atá ann gan amhras, agus tá an léiritheoir teilifíse Kathryn Thomas i ndiaidh teacht amach le rá gur bhreá léi dá mbeadh fostóirí Éireannacha ar nós RTÉ sásta a leithéid a dhéanamh.

Dúirt sí gur thuig sé go mbeadh criticeoirí ann, ach gur chéim dhearfach é dóibh siúd atá ag obair, agus nár bhuail siad leis an ‘duine ceart’ go fóill.

Tá mé féin i lár na bhfichidí, ag tosú amach ar shlí bheatha úr, agus níor bhuail mé leis an ‘duine ceart’ go fóill, agus thig liom a rá, dá dtiocfadh an saoiste chomh fada liom ag tairiscint a leithéid de rud, gur ghearr an freagra a bheadh agam dó. Samhlaigh an comhrá sin a bheith agat le saoiste!

Sílim féin go bhfuil seo iomlán mínádúrtha – tá sé maith go leor má tá mná ag iarraidh dul tríd an phróiseas iad féin ach níl an brú sin de dhíth ó fhostóirí, agus is cinnte go mbeadh brú ann dá mbeadh an rogha ann. Níl ann ach bealach eile le smacht a choinneáil ort i mo bharúil féin.

Tá na línte idir an saol oibre agus an saol taobh amuigh den obair measctha go leor mar atá gan ligean do fhostóirí cumhacht sa bhreis a bheith acu ar do shaol pearsanta. Is beag duine ar m’eolas anois nach bhfaigheann rphoist tríd chuig an ghuthán cliste, fiú i lár na hoíche.

Ní nach ionadh go bhfuil na comhlachtaí ag iarraidh na háiteanna oibre a bheith chomh compordach agus is féidir – má tá leapacha san oifig, ní rachaidh na fosaithe abhaile ar chor ar bith fiú!

Tá impleacht ann chomh maith go gcuireann toircheas isteach ar dul chun cinn sa tslí bheatha, agus go bhfuil fostóirí ag déanamh gar do mhná le tréimhse mháithreachais a thabhairt.

Lig dúinn a bheith soiléir. Ní gar é, ach ceart.

Más rud é go bhfuil na mná thíos leis mar gheall ar chúrsaí teaghlaigh, nó iad a bheith ag iompar, caithfear sin a réiteach seachas moill mhínádúrtha a chur air. Ní amháin go bhfuil sé mínádúrtha, ach ní próiseas simplí é, agus níl sé gan bhaol.

Tá mé féin den bharúil go n-ardaítear ceist aoiseachais ar a bharr sin; go ndéanann scéim mar seo uasal le híseal ar mhná níos sine sna comhlachtaín- cad chuige an bhfuil sé ceart go leor de na mná seo a bheith ag iompar, ach ní do na mná níos óige? An bhfuil tionchar agus ionchur na mban óg níos luachmhaire?

Fiú sa lá atá inniu ann, tá go leor brú ar mhná maidir le cúrsaí teaghlaighn- mná ar m’aithne atá i gcaidreamh, cuirtear ceist orthu go minic faoi ‘pitter patter’ cosa beaga.

Ba cheart dúinn ligint do mhná agus fir na cinntí seo a ghlacadh iad féin. Cinneadh pearsanta atá ann, ní cinneadh ar cheart a bheith pléite le saoiste ar bith, nó níos measa arís, na daoine in Acmhainní Daonna!

Tá na mná faoi ghannionadaíocht sna comhlachtaí seo, le líon na mban ag 31% (Facebook) agus 30% (Apple), agus tuigim go bhfuil siad ag iarraidh dul i ngleic leis seo.

Tchím go bhfuil siad ag iarraidh comhionnanas inscne a chur chun cinn san áit oibre, ach tá bealaí níos fearr lena dhéanamh.

B’fhearr liom féin bheith in ann mo chinntí féin a ghlacadh faoi mo chorp féin, seachas m’fhostóirí ag iarraidh a bheith ag súgradh leis an nádúr, agus mo shaol pearsanta, rud nach mbaineann leo.

Close
Close