Uachtarán na Réaltachta?

Donall Mac Giolla Choill

Ar dtús, mar a deir na Meiriceánaigh, “nochtadh iomlán”: ní fhaca mé go dtí seo i mo shaol oiread agus bomaite amháin de chlár dar teideal ‘The Apprentice Ireland’.

Ní fhaca mé an ceann Sanasach nó fiú má tá a leithéid ann, leagan Mheiriceá de.

Cinnte, léigh mé faoi, agus tuigim - sílim- bunús agus cuspóir an chláir, ach níl mé tugtha de chláracha nó teilifís réaltachta.

Tá an saol ann féin taobh amuigh de m’fhuinneog agus mo dhoras tosaigh réalaíoch go leor domsa.

I bhfírinne uair nó dhó agus mé ar cuairt tí cara liom, bíonn rudaí ar siúl ar an teilifís, cláracha le teidil a thosaíonn leis an fhocal ‘Celebrity…’ agus níos minice ná a athrú bímse i mo shuí ansin ag cur ceisteanna ar nós, “Agus cé hé/hí mo dhuine?” agus “Cad thuige a bhfuil clú ar an duine seo?” nó “Níor chuala mé iomrá ariamh air/uirthi!” agus “Á tchím, tá clú orthu mar gheall go bhfuil clú orthu, tuigim (bréag lom seo, dála an scéal.)”

Agus mé ag ceistniú cáilíochtaí na “réalta” is déanaí a bhíonn ag ithe magairlí caorach fá thaobh Faoi Chnoc, i mBun an Leaca, san eagrán is déanaí de ‘Is Gaeilgeoir mé, glan amach go Paiteagó as an áit seo mé! Anois!’ [séasúr 13, eagrán 51, © Léiriúcháin Mhic Giolla Choill, TG4 gach oíche díreach roimh agus i ndiaidh ‘An Aimsir Láithreach’ agus roimh agus i ndiaidh aon chlár ar a mbeidh Daniel O’Donnell ag seiceáil cé chomh compórdach is atá do leaba - iomhá nach bhfaighidh mé réidh leis go furasta] rith sé liom gur teibí an chúis cáilíocht a bheith agat sna laethanta seo.

Agus tá mise anois i ndiaidh cáiliú don abairt is faide [idir lúibíní cearnacha] in aon alt a fhoilsitear an tseachtain seo i nGaeilge ar líne ag fear as Mín an Chladaigh.

Agus fosta, gur chuir mé tús faoi dhó, díreach i ndiaidh a chéile le habairt a thosnaíonn leis an focal ‘agus’.

Nár aithin duine ar bith agaibh go fóill gur dóiche gur de réir líon na bhfocal a íocfar scríbhneoirí an tsuímh seo, Meon Eile?

Ach cá bhfuil mo thriail leis an rámhaille seo?

Dá mbeadh a fhios agam, bhéinn ann cheana féin agus an t-iomlán scríofa…

Ó, tá sé agam anois, clú an lae inniú agus cáilíochtaí daoine ar mhaithe le clú a bheith orthu sa chéad áit.

I mbeagán focal, daoine nach bhfuil sé de chlú orthu ach go bhfuil clú orthu, ‘Laochra ina n-Am Lóin Féin’ leis an Bhéarlachas a úsáid chun olc agus ardú brú fola a chuir ar an fho-eagarthóir.

Bhí mé ag déanamh mo mhacnamh ar chlú agus cáilíochtaí an mhaidín faoi dheireadh idir an ceathrú agus an cúigiú cupán caife, agus a theibí is atá a leithéid.

Mé ag smaoineamh ar mo chlú féin, nó easpa clú, agus an t-ábhar nach mbuaileann mo ghuthán mórán na laetha seo, munab é eagarthóir an tsíomh seo, nuair nach bhfuil duine níos fearr le cúpla céad focal rámhaille a chaitheamh le chéile in achar goirid ama, nach gcuirfidh olc ar dhuine ar bith agus nach bhfágfaidh an t-iomlán dearg againn san Ard Chúirt [níl dlíodóir fostaithe go bhfios dom ag muintir Bhun an Leaca - ach tuigtear dom go bhfuil siad i mbun feachtas slua-mhaoinithe, i ndiaidh bhiongó Chnoc Fola oíche Dhomhnaigh, méid iomlán go dtí seo €5.43.]

Ansin rith sé liom go bhfuil cáilíocht ar leith agam, cáilíocht dhoshéanta, cáilíocht go fiú bunaithe sa bhunreacht, is é sin go bhfuil mé cáilíthe le bheith i m’Uachtarán ar Éirinn.

Féach, sibhse sna suíocháin ar chúl ansin, sea sibhse atá ag monamar libh, má tá aon dabht in bhur n-inchinn, an dabht beag is lú fiú, seo chugaibh an fhianaise:

AIRTEAGAL 12 4 1° Gach saoránach ag a bhfuil cúig bliana tríochad slán, is intofa chun oifig an Uachtaráin é.

Sin agat é, muna gcreideann tú mé, sín anuas chugat do chóip bheag ghorm, leis na leathnaigh méaraithe agat thar na blianta, nó tabhairfidh mise mo chóip féin den bhunreacht ar iasacht duit, gabh go leathnach 17, agus sin agat é ag bun an leathnaigh.

De bhrí go bhfuil breis agus ‘cúig bliana is tríochad slán’ agam, d’fhéadfainn, i bprionsabal bunreachtúil a bheith “intofa chun oifig an Uachtaráin”.

Cuidíonn sé chomh maith gur fear mé, mar má léigheann tú an bunreacht agus má dhéanann tú mionscrúdú air - mar a dhéanaim féin go rialta agus mé ag fanacht go fonnmhar leis an chéad chlár eile le Daniel s’againne ar an teilifís - tabhairfidh tú faoi deara go bhfuil gach trácht san leagan Gaeilge (an leagan is údarasaí de réir dlí) ag déanamh tagairt d’Uachtarán na hÉireann faoin foirim fhirinscineach.

Sílim mas buan mo chuimhne gur thug fear (cé eile?) dúshlán roinnt blianta ó shoin nuair a toghadh an chéad bhean mar Uachtarán ar Éirinn, ag rá nach raibh seo ceart de réir an bhunreachta.

Barraíocht am saor agus easpa caitheamh aimsire ag an duine céanna, déarfainn…

Anois de réir mar a thuigim ó Nuacht a Sé agus a Naoi ar RTÉ [áit eile anois a bhfuil na mná i ndiaidh seilbh a ghlacadh - nach n-airíonn duine ar bith eile patrún anseo, agus creimeadh na patrarcachta faoi lán seoil!] tá seiséar ag seasamh agus ag rith - ag an am chéanna? - sa rás d’Áras an Uachtaráin agus ciste de €300,000+ le haghaidh cóisireacha in aghaidh na bliana.

De réir mar a thuigim, agus níl mo thuigbheáil anseo bunaithe ar thalamh róshlán, ach an méid a cloisim ar an nuacht, bíodh sé fíor nó bréagach, ach tá triúr as an seisear sin - nó 50% le dul i muinín matamaitice na hArdteiste 1995 s’agam - ina bhfír ghnó.

Ní hamháín gur fir ghnó iad, ach de réir mar a thuigim, agus tá mé iomlán ar mo shócúl a bheith ceartaithe anseo, is réalta teilifíse réaltachta iad.

De réir cosúlachtaí, bhí siad/tá siad ar leagan Éireannach de ‘Dragons Den’, agus is iad Seán Gallagher, Peter Casey agus Gavin Duffy atá ag seasamh, chomh maith le beirt bhan - ar mhaithe le comhionnanas is dóiche - an Seanadóir Joan Freeman agus an feisire i bParlaimint na hEorpa, Liadh Ní Riada, agus iad uilig ag tabhairt dúshlán Miggeldy Higgens.

Anois creideann an t-iomlán dearg acu, gurbh iad na fir - ach amháin in dhá chás áit a bhfuil seo dodhéanta mar gheall ar chúinsí inscine agus mná a bheadh i gceist ansin - is fearr chun a bheith ceaptha ag céadchodán áirithe de shaoranaigh na hÉireann le bheith ag stiúr na gcóisirí gairdín i bPáirc an Fhionnuisce.

Anois dúirt iar-Uachtarán na hÉireann, Cearbhal Ó Dálaigh, nuair a sheas sé/rith sé don oifig, siar sna 70í, nach dtiocfadh le polasaithe a bheith ag Uachtarán na hÉireann, ach go dtiocfadh téamaí a bheith aige (nó aici mas gá).

An rud atá saoithiúil faoi na boic seo agus iad ag cur clár oibre chun tosaigh, nó go gceapann siad go bhfuil siad ag freagairt ceisteanna móra an lae inniu, agus leithéidí éagoir shoisialta, daoine gan dídean, cás na n-imirceach, eisimircigh, an diabhal diaspora 7rl., 7rl., agus de réir sin, a thógáil acu.

Nach dtuigeann mac nó iníon máthara acu, a luaithe agus iad tofa, tá siad spochta, laincisí curtha orthu ag an bhunreacht céanna a thugann an méid sin cumhachta dófa?

Ach seo, is dóiche Éire 2.1, ré nua, ré na nguthán cliste, agus gach uile rud leictreonach, is sibhse glúin na mílaoise, glúin na teilifíse réaltachta, gach duine agus ar a laghad a chúig bhomaite dhéag acu os comhair an tsaoil.

Cén dochar má thoghann muid mar Uachtarán orainn, duine ó shaol na teilifíse réaltachta?

Cén dochar?

Close
Close